Sunday, December 21, 2008

Gabh mo leithscéal....


A chairde, gabh mo leithscéal nach raibh aon rud scríofa agam anseo le fada!

Bhímid an-ghnóthach le páistí breoite ... tá deilgneach acu!

NOLLAIG SHONA AGUS ATHBHLIAIN FAOI MHAISE DHAOIBH!

Friday, October 31, 2008

Oíche Shamhna Shona Daoibh



Trí na idirghuíonna na naomh, a Shlánaitheoir slánaigh sinn!

Tabhair scíth shíoraí lena naoimh, a Thiarna!

Глубиною мудрости человеколюбно вся строяй
и полезное всем подаваяй, едине Содетелю,
упокой, Господи, душы раб Твоих:
на Тя бо упование возложиша
Творца и Зиждителя и Бога нашего.


Во блаженном успении вечный покой подаждь,
Господи, усопшым рабом Твоим, имена, и сотвори им,
вечную память.

ВЕЧНАЯ ПАМЯТЬ!



O Thou Who with wisdom profound orderest all things with love, and Who givest to all what is needful, O only Creator, give rest, O Lord, to the souls of Thy servants, for on Thee have they set their hope, our Maker and Builder, and our God.

Tabhair scíth shíoraí, a Thiarna, i socracht bheannaithe, dosna anamaibh do shearbhóntaí imithe, agus déan a gcuimhne síoraí!

Cuimhne shíoraí!!
Cuimhne shíoraí!!
Cuimhne shíoraí!!

Tuesday, October 28, 2008

Seangaeilge i gcartlann ar líne

Rud dosna juncaithe teangacha (language junkies)... tá leabhair go leor le fáil ar líne faoin gramadach na Sean-Gaeilge.

Mar shampla: A concise Old Irish grammar and reader (1914), an cuid le Julius Pokorny.

Old Irish paradigms and Selections from the old-Irish glosses : with notes and vocabulary (1909) ann freisin.

Bhí mise ar lorg an chinn le Rudolf Thurneysen, ach ní raibh mé in ann é a fhail.

Is é www.archive.org suíomh an-úsáideach é!

Más mian leat níos mo sen-goídelc a fheiceáil, clic: www.sengoidelc.com

Bain sult as!

Thursday, October 16, 2008

Fómhar atá ann

Ag an oifig: níl an trealamh aerchóirithe ag feidhmiú inniu. Ní rud ro-mhaith é seo do ríomhaire!

I nuacht eile...tá suil agam beith ag fánaíocht le cara amarach. B'fheidir i Afton State Park (sa Pháirc Stáit in Afton, MN).

Tá na duilleoga go hálainn anois, nach bhfuil?

Friday, October 10, 2008

Dé hAoine eile

Dia dhaoibh!

Maith dom nach raibh morán scríofa agam an tseachtain seo chaite. Bím an-ghnóthach na laethanta seo.

Tugann mo chlan cuairt ar mo thuismitheoirí cheile in aice le Duluth. Mar sin, bhí mé in ann a lán rudaí a déanamh timpeall an tí. Ach, tá mé ag tnúth a dteacht ar ais.

Slán go foill!

Friday, October 3, 2008

Déan Gáire go minic....

Tá páipéar nuachta ann darab ainm "The Onion" (as Béarla) nó An t-Oinniún. Tá suíomh dó freisin:

The Onion

Is maith liom é mar is maith liom gáire a déanamh.

Tá ceann freisin ag an Eaglais Cheartchreidmheach darab ainm

The Onion Dome, mar a deirtear na Críostaí Ceartchreidmheach na Rúise toisc go bhfuil cruinneachán ar bharr a n-eaglaisí mar sort spuaice.

Tá sé dé hAoine, buíochas le Dia!!!

Bainigí sult as na suíomhanna greannmhara!

Wednesday, October 1, 2008

我名叫余明 Yu Ming is ainm dom

Bhí mé toghtha leis an scannán seo, mar ba mhac léinn mise i Sínis freisin.

Is LinLiShan ainm dom (as Sínis, maise), agus is Yu Ming ainm don bhfear seo sa scannán.





Bain sult as!

Tuesday, September 30, 2008

Cé mise?

Inniu dé Máirt, an tríachadú lá mí Mheán Fomhair, dhá mhíle's a hocht

Aréir, sa rang Gaeilge ag Gaeltacht Minnesota, d'imríomar an cluiche "Cé mise?". Bhí craic againn, agus ba seans maith chun an teanga a úsáid.

Mar sin, cé mise féin?

Tá mé beo (le cuidiú Dé).
Tá mé posta.
Is fear mé.
Is meiriceánach mé.
Tá mé i m'innealtóir ríomhaire, tástálaí bogearraí, go dearfa.
Tá beirt leanbh agam, iníon agus mac.
Tá mé seacht mbliain is tríocha d'aois.
Is maith bheith ag imirt peile ghaelach.

Agus anois ... cé thúsa?

Monday, September 29, 2008

"Ligean saor amach ar bannaí é..."

Cuirim mo chuid polaitíochta orm....

Bail out: "Ligeadh saor amach ar bannaí", tá sé seo déanta do phríosúnaigh, nach bhfuil?

Tá na gaidithe i Wall Street agus i Washington D.C. ar a gcreachadh aris!

An aon ionadh é go bhfuil an banc J.P. Morgan-Chase an banc is mó?

Féach go cúramach, agus bí cuimhin de stair leatsa!

Saturday, September 27, 2008

Rud ar bith ag Youtube

Rinne mé cuardach do "rud ar bith" ag Youtube, agus fuair an físeán seo a leanas...



Is amhrán álainn é, nach dóigh leat? Ní thuigim, áfach, an nasc idir an físeán ó Chlub Bhricfeast agus an t-amhrán.

Seo duit físéan leis an amhrán uile..."beo"...



Tá amhrán maith acu eile anseo....


Tá níos mó eolas faoi Heathers ag http://www.myspace.com/heatherswhatsyourdamage

Gaeilge Abú, agus ádh mór orthu!

Friday, September 26, 2008

Scríobh amach abairt amháin gach lá



Óicé, mar a bhí molta ag Will Kenny i nGaeilMinn Gazette, fuair mé abairt amháin inniu, as Gaeilge, chun a scríobh anseo sa bhlog.

Tá na blianta fada caite ag Adi Roche, arb as Cluain Meala ó dhúchas di, i mbun feachtais ar son dí-armála núicléiche agus cúiseanna eile. (Foinse: http://www.beo.ie/?page=agallamh_beo&content_id=705)

Bhí bron orm nuair a léigh me an t-alt sin.






Hmm. Maidir le bheith ag foghlaim conas a bheith ag foghlaim Gaeilge...

Chonaic mé go raibh na thar-luchóga (mouse-overs) seiftiúla, nach bhfuil? Déan iarracht anois ar "i mbun feachtais" nó ar "ar son dí-armála núicleiche".

Draíocht an idirlíne!

Tá fáilte romhat i gcónaí ceartúcháin a chur dom tríd "comments".

Thursday, September 25, 2008

Fáilte!

Fáilte romhat go dtí mo bhlog nua, rud ar bith.

Tá na muca ag eitilt inniu, mar sin is feidir le rud ar bith a tharlú!

Tá mé i mo mhac léinn na Gaeilge. Freastailím rang na Gaeltacht Minnesota i St. Paul.